Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Eolas

An bhfuil tú réidh le haghaidh eachtra a athróidh do shaol agus chun an deis a thapú fíordhifríocht a dhéanamh? Páirt a ghlacadh sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, is é sin an chéad mhór-rud eile a d’fhéadfá a dhéanamh! Más mian leat taisteal ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin nó oibriú ar thionscadail iontacha i do phobal féin, seo chugat an t-eolas atá ag teastáil chun tús a chur le d’aistear: 

Cé atá in ann páirt a ghlacadh?

  • Is féidir leat clárú chomh luath le 17 mbliana d’aois, ach ní chuirfear tús leis an aicsean go dtí go mbeidh 18 mbliana d’aois slánaithe agat!
  • Is féidir leat páirt a ghlacadh ann go dtí go mbeidh tú 30 bliain d’aois (nó 35 bliana d’aois má tá tú ag cur isteach ar Obair Dheonach i réimse na Cabhrach Daonnúla).
  • Is féidir leat clárú má tá tú i do chónaí i gceann de na tíortha atá clúdaithe.
  • Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ach ar ghníomhaíochtaí atá oscailte do dhaoine ó do thír chónaithe féin. 

Cad is féidir leat a dhéanamh?

An bhfuil aon rialacha ann atá le leanúint?

  • I gcás tionscadail a mhaoinítear ó 2024 ar aghaidh, ní féidir le do chuid gníomhaíochtaí oibre deonaí uile le chéile maireachtáil ar feadh tréimhse ar faide í ná 12 mhí (teorainn ama). Gníomhaíochtaí oibre deonaí, Obair Dheonach i réimse na Cabhrach Daonnúla agus an tSeirbhís Dheonach Eorpach (EVS), cuirtear iad sin san áireamh mar chuid de do theorainn ama, ach ní Tionscadail Dlúthpháirtíochta.
  • Leanann tionscadail a maoiníodh idir 2021 agus 2023 (agus atá fós ar siúl) na rialacha ó na blianta sin, mar sin níl feidhm ag an teorainn ama. Is féidir leat teacht ar bhliain an mhaoiniúcháin in uimhir an tionscadail.
  • Ní féidir forluí a bheith ann idir do chuid gníomhaíochtaí oibre deonaí.
  • Ní féidir leat ach aon ghníomhaíocht aonair oibre deonaí trasteorann fhadtéarmach amháin a dhéanamh (2 mhí – 12 mhí). Is féidir eisceachtaí a cheadú, ach i gcásanna neamhchoitianta a bhfuil údar cuí leo amháin.
  • Ní féidir leat páirt a ghlacadh in obair dheonach aonair i réimse na Cabhrach Daonnúla ach aon uair amháin.
  • Tar éis obair dheonach aonair a dhéanamh i réimse na Cabhrach Daonnúla, ní féidir leat páirt a ghlacadh a thuilleadh i ngníomhaíocht aonair oibre deonaí trasteorann fhadtéarmach. Mar sin féin, má thosaíonn tú le gníomhaíocht aonair oibre deonaí trasteorann fhadtéarmach, is féidir leat ansin obair dheonach aonair i réimse na Cabhrach Daonnúla a dhéanamh.  
  • Is féidir leat gníomhaíochtaí oibre deonaí gearrthéarmacha iomadúla a dhéanamh (2 sheachtain – 2 mhí).
  • Is féidir leat páirt a ghlacadh freisin i dTionscadail Dlúthpháirtíochta iomadúla (2 mhí – 12 mhí), agus ní chuirtear san áireamh iad mar chuid den teorainn ama.

Conas a thosóidh tú?

  1. Cláraigh ar thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
  2. Faigh rochtain ar do dheais phearsanta, áit a dtiocfaidh tú ar go leor deiseanna.
  3. Má tá suim agat san obair dheonach, déan iarratas ar dheiseanna – is féidir le heagraíochtaí teagmháil a dhéanamh leat freisin má chuireann siad spéis i do phróifíl dá dtionscadail.
  4. Má tá tú réidh le tabhairt faoi obair i réimse na Cabhrach Daonnúla, beidh ort triail agus oiliúint ar leith a dhéanamh.
  5. Más mian leat Tionscadal Dlúthpháirtíochta áitiúil a thosú, beidh ort iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú díreach. 

Amlíne oibre deonaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Cuimhnigh go bhfuil an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ag iarraidh go mbeidh an deis ag gach duine páirt a ghlacadh san obair dheonach. Cé go bhfuil roinnt teorainneacha ann, tá an iliomad deiseanna ann freisin.  

Má theastaíonn cabhair uait, téigh i dteagmháil le do Ghníomhaireacht Náisiúnta nó le do SALTO réigiúnach nó le EACEA i gcás obair dheonach i réimse na Cabhrach Daonnúla. Beidh na freagraí go léir acu.

Mar sin, an bhfuil tú réidh chun léim isteach san eachtra seo agus roinnt scéalta iontacha a chruthú ar an mbealach? Cuir tús le d’aistear anois!