Tionscadail Dlúthpháirtíochta
Más spéis leat athrú dearfach a dhéanamh i do phobal áitiúil, féadfaidh tú dul i gcomhar le do chairde chun Tionscadal Dlúthpháirtíochta a chruthú. Déan cinnte de go bhfuil sibh go léir cláraithe ar thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
Cad is Tionscadal Dlúthpháirtíochta ann?
- Ba cheart dó a bheith dírithe ar dhúshláin agus ar chúiseanna atá tábhachtach duitse ó do chomharsanacht féin, nó cuidiú le dul i ngleic le saincheisteanna réigiúnacha nó náisiúnta fiú;
- Ba cheart dó ‘Luach Eorpach’ a léiriú – é ag baint leas as tosaíochtaí a shainaithin an tAontas Eorpach, cuir i gcás an cuimsiú, an t-athrú aeráide, an rannpháirtíocht dhaonlathach, an tsaoránacht nó an comhionannas inscne;
- Is féidir leis maireachtáil ar feadh idir 2 sheachtain agus 12 mhí;
- Déantar é go páirtaimseartha den chuid is mó, mar sin, is féidir leat é a dhéanamh i d’am saor.
Cé atá in ann páirt a ghlacadh?
- Daoine idir 18-30 bliain d’aois a bhfuil cónaí orthu i gceann de Bhallstáit an Aontais, san Íoslainn, i Lichtinstéin, sa Mhacadóin Thuaidh nó sa Tuirc.
- Ní mór cúigear ar a laghad a bheith sa ghrúpa, agus cónaí orthu sa tír chéanna (níl uaslíon daoine ann).
Cén tacaíocht airgeadais a gheobhaidh mé?
- €630 in aghaidh na míosa chun na costais a bhaineann le bainistiú agus cur chun feidhme an tionscadail a chlúdach.
- Cumhdófar freisin na costais a bhaineann le rannpháirtíocht cóitseálaí sa tionscadal, má tá ceann ag teastáil.
- Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin ar mhaoiniú breise chun costais a chumhdach a thacóidh le rannpháirtíocht daoine óga ar lú na deiseanna atá acu (ní mór mionsonraí faoi na riachtanais bheachta a thabhairt san fhoirm iarratais).
Conas iarratas a dhéanamh?
I gcás Tionscadail Dlúthpháirtíochta, ní mór duit maoiniú díreach a iarraidh do do thionscadal (murab ionann agus Gníomhaíochtaí oibre deonaí, a ndéantar iarratas orthu trí eagraíochtaí ina leith).
Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil cónaí ort, agus togra do thionscadail a chur isteach roimh an spriocdháta atá leagtha síos sa ghlao ar thionscadail. Is féidir leat iarratas a dhéanamh tú féin nó oibriú le heagraíocht a bhfuil taithí aici a dhéanfaidh iarratas ar do shon.
San fhoirm iarratais, cuirfear ceisteanna ort maidir leis an bhfáth ar mian leat an tionscadal seo a dhéanamh, an dóigh a rachaidh sé chun sochair don phobal, agus cé na gníomhaíochtaí atá beartaithe agat.
Déanfaidh Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil cónaí ort d’iarratas a mheas
Sula ndéanfaidh tú iarratas:
- Cruthaigh do ghrúpa – téigh i dteagmháil le daoine óga eile i do phobal agus cruthaigh grúpa ina bhfuil smaoineamh nó topaic i gcoiteann agaibh.
- Cláraigh gach duine – ní mór do gach ball den ghrúpa clárú leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
- Faigh aitheantas eagraíochta (OID) – ní mór do bhall amháin den ghrúpa ról ‘cheannaire an ghrúpa’ a ghlacadh agus clárú le haghaidh OID, trí chuntas a chruthú leis an gCoimisiún Eorpach. Má tá iarratas á dhéanamh ag eagraíocht ar do shon, b’fhéidir go bhfuil sí cláraithe cheana féin agus go bhfuil OID aici (mura bhfuil, beidh uirthi ceann a fháil). A luaithe a bheidh tú cláraithe agus ag fanacht ar fhormheas do OID, is féidir leat leanúint ar aghaidh leis na chéad chéimeanna eile.
- Déan an obair bhaile – léigh:
- an t-eolas faoi Tionscadail Dlúthpháirtíochta i dTreoirleabhar an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;
- na leathanaigh ábhartha ar shuíomh gréasáin do Ghníomhaireachta Náisiúnta (is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do Ghníomhaireacht Náisiúnta fiú chun cabhair a fháil le d’iarratas);
- an fhoirm iarratais shamplach seo
- Cruthaigh do thionscadal – cuir do smaointe in eagar (spriocanna, baill an ghrúpa, torthaí ionchasacha, buiséad, gníomhaíochtaí, etc.).
- Cuir isteach d’iarratas – bain úsáid as foirm iarratais ESC30 le haghaidh Tionscadail Dlúthpháirtíochta. Ná caill an spriocdháta!
Féach na Ceisteanna Coitianta chun tuilleadh eolais a fháil.
Ní hionann clárú don Chór agus ráthaíocht go nglacfaidh tú páirt i dTionscadal Dlúthpháirtíochta.